Chat is Offline

Tá an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla (AWC) dúnta anois. Tá líon teoranta coinní ar fáil, mar sin féin, do mhic léinn atá cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais nó leis an Ionad Rochtana. Má bhaineann sé seo leat, seol ríomhphost chuig Irina.ruppo@universityofgalway.ie, chun coinne a dhéanamh.

Chun an nuacht is déanaí a fháil faoin AWC, cláraigh dár ‘gcúrsa’ ar Canvas: https://universityofgalway.instructure.com/enroll/46G6CT

 

Cá Bhfuilimid Lonnaithe?

Cuireann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla ranganna teagaisc duine ar dhuine ar fáil chomh maith le comhairliúchán ar ríomhphost maidir le scríobh aistí. Tá siad seo saor in aisce agus ar fáil do gach duine, beag beann ar thaithí nó meán gráid. Beimid ar oscailt arís ar bhonn siúil isteach ón 6 Feabhra 2024. Táimid suite ar an dara hurlár den phríomhleabharlann. Más mian leat dul i dteagmháil linn, seol ríomhphost chuig Ira Ruppo.


An Obair a Dhéanaimid

Soláthraímid:

  • Ranganna teagaisc agus comhairliúchán ar ríomhphost saor in aisce, duine le duine, ar líne agus ar an láthair
  • Cúnamh Gaeilge gach Céadaoin agus le coinne
  • Coinní taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre do mhic léinn atá cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais agus do mhic léinn Rochtana
  • Ceardlanna, modúil agus comórtais

Tugaimid cúnamh le:

  • Bradaíl a sheachaint
  • Tobsmaointeoireacht ar ábhar agus imlíne d’aiste
  • Ráiteas tráchtais a fhorbairt
  • Teicnící eagarthóireachta agus profála
  • Struchtúr abairtí agus poncaíocht a fheabhsú
  • Struchtúr a chur ar argóint

Rudaí nach ndéanaimid:

  • Ní dhéanaimid measúnú ar aistí ná ní labhraímid ar na gráid a fuarthas
  • Ní dhéanaimid an obair duit, ach tugaimid tacaíocht duit a bheith i do scríbhneoir níos fearr
  • Ní thugaimid breith ar aon duine as aon cheisteanna scríbhneoireachta
  • Ní dhéanaimid profáil, ach is féidir linn múineadh duit conas do shaothar féin a phrofáil

Tacaímid le scríbhneoireacht na mac léinn trí cheardlanna, modúil agus comórtais chomh maith.

Murar éirigh leat coinne a fháil nó má tá ceisteanna eile agat, déan teagmháil linn ag academicwritingcentre@universityofgalway.ie nó ag irina.ruppo@universityofgalway.ie


Irina Ruppo-Malone

Irina Ruppo-Malone

Bainisteoir an Ionaid Scríbhneoireachta Acadúla
Email: irina.ruppouniversityofgalway.ie
091 49 5697